Tá 31 údarás áitiúil agus 3 thionól réigiúnacha in Éirinn, a fhostaíonn níos mó ná 28,000 duine.


Is iad údaráis áitiúla an cineál rialtais is gaire agus is inrochtana do shaoránaigh. Tá siad freagrach as raon leathan seirbhísí a sholáthar ina gceantar áitiúil, agus fócas acu ar áiteanna tarraingteacha le maireachtáil, bheith ag obair, agus infheistíocht iontu a dhéanamh de chathracha, bhailte, shráidbhailte agus den tuath.

 

Cuireann seirbhísí údarás áitiúil go mór le forbairt fhisiciúil, chultúrtha, shóisialta agus chomhshaoil pobal agus áirítear orthu tithíocht, pleanáil, bonneagar, cosaint an chomhshaoil agus soláthar conláistí agus áineasa agus bonneagair pobail. 

 

Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla i dtacú le forbairt eacnamaíoch agus fiontar ag leibhéal áitiúil agus glacann siad an ról ceannais i múnlú físe straitéisí an chontae nó na cathrach.  Oibríonn siad freisin i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí stáit, poiblí agus príobháideacha eile chun príomh-bhonneagar agus seirbhísí comhroinnte a sholáthar. 

 

Soláthraíonn údaráis áitiúla na céadta seirbhísí agus cuireann siad beartais i bhfeidhm thar raon réimsí lena n-áirítear: 
 

  • Tithíocht
  • Comhshaol 
  • Pleanáil 
  • Bóithre agus Iompar
  • Forbairt Eacnamaíochta
  • Seirbhísí pobail
  • Turasóireacht 
  • Páirceanna agus spásanna oscailte
  • Leabharlanna
  • Ealaíona agus Cultúr
  • Gníomhaíocht aeráide

Thig leat fáil amach faoi na réimsí oibre agus róil laistigh d’údaráis áitiúla anseo. 

 

Tá struchtúir, cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais rialtais áitiúil faoi rialú ag an Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014. Ina theannta sin, bíonn tionchar ag raon reachtaíochta eile ar oibriú na n-údarás áitiúil, bainteach go minic le seirbhísí ar leith. 

 

Comhairle tofa

 

Tugtar comhairleoirí ar bhaill tofa na comhairle agus toghtar iad gach cúig bliana. 

 

Déanann comhairleoirí cinntí beartais i réimsí atá sonraithe dá gcinneadh sa reachtaíocht. Áirítear ar na feidhmeanna sonraithe buiséad bliantúil a rith, cinntí maidir le beartas tithíochta agus beartais maidir le cosaint an chomhshaoil. Féadfar na cinntí seo a dhéanamh ar dhá leibhéal:

 

  • Comhairle iomlán (leibhéal iomlánach)
  • Leibhéal bardasach/dúthach/buirge

Oibríonn údaráis áitiúla go dlúth leis an gcomhairle tofa chun an raon iomlán seirbhísí a sholáthar, cinntí beartais áitiúla a chur i bhfeidhm, agus cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach de réir threoir bheartais na comhairle tofa ar leibhéal na Comhairle iomláine agus ar leibhéal an Cheantair Bardasaigh.

 

Tionóil réigiúnacha

 

Tá trí thionól réigiúnacha ag Éirinn, a bhfuil raon cumhachtaí acu maidir le pleanáil spásúlachta agus forbairt eacnamaíoch. Is é aidhm na dtionól seo pleanáil straitéiseach agus forbairt inbhuanaithe a chomhordú, a chur chun cinn nó tacú leo agus éifeachtúlacht sa rialtas áitiúil agus sna seirbhísí poiblí a chur chun cinn.

 

  • Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre 
  • Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair
  • Tionól Réigiúnach an Deiscirt 

Is iad baill na n-údarás áitiúil sa réigiún comhaltas tionóil réigiúnaigh. 

 

Gníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRA)


Déanann an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil earcaíocht tríd an suíomh gréasáin seo chomh maith.

 

Is gníomhaireacht stáit é an GBRA a sholáthraíonn raon seirbhísí gairmiúla d’údaráis áitiúla. Oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na 31 údarás áitiúla go léir chun tacú le soláthar comhordaithe agus cost-éifeachtúil seirbhísí agus beartas rialtais áitiúil. 


Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi obair an GBRA anseo.