Agus tú ag cur isteach ar phost leis an rialtas áitiúil, de ghnáth iarrfar ort foirm iarratais a chomhlánú. Tá an fhoirm iarratais saincheaptha chun do scileanna agus do thaithí a léiriú agus chun a thaispeáint go bhfuil na hinniúlachtaí atá riachtanach don ról agat sula dtéann tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas earcaíochta.

 

Roinnt leideanna maidir le d’iarratas a dhéanamh

 

  • Léigh an sainchuntas poist go cúramach agus déan cinnte go gcomhlíonann tú na riachtanais.
  • Tá sé an-tábhachtach go gcuirtear d’iarratas isteach san fhormáid a iarrtar agus in am. 
  • Má tá ceisteanna agat faoin bpost nó faoin iarratas, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil a fhógraíonn an post. 
  • Déan cinnte de go bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an ról; mar shampla, an bhfuil na cáilíochtaí nó an taithí agat atá riachtanach don phost?
  • Déan do mhachnamh ar do chuid scileanna agus taithí féin agus a n-ábharthacht nó oiriúnacht don phost a bhfuil spéis agat ann.
  • Léigh an cheist ar an bhfoirm iarratais go cúramach agus déan cinnte go bhfreagraíonn tú gach ceann de na ceisteanna lena n-áirítear aon fho-cheisteanna a ghabhann léi.
  • Déan cinnte de go bhfuil an fhaisnéis uile i d’iarratas cruinn. B’fhéidir go n-iarrfaí fianaise ort maidir le do chuid cáilíochtaí tráth níos déanaí sa phróiseas earcaíochta.
  • Léigh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoin ról agus na hinniúlachtaí go cúramach. Úsáid samplaí a léiríonn do chumas chun an ról a chomhlíonadh agus a léiríonn go bhfuil na hinniúlachtaí riachtanacha agat.
  • Léigh d’iarratas go cúramach sula gcuireann tú isteach é - déan seiceáil litrithe ar an doiciméad.
  • Déan cinnte go gcuireann tú d’iarratas isteach mar atá mínithe sa leabhrán faisnéise d’iarrthóirí agus roimh an dáta deiridh.  Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus an t-am deiridh

Má tá líon mór iarratas ann, féadfaidh an t-údarás áitiúil fruilithe gearrliosta a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a chuirtear ar fáil i d’iarratas. Tá seans níos fearr agat go gcuirfí tú ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh má sholáthraíonn tú sonraí iomlána faoi do cháilíochtaí ábhartha agus do thaithí oibre i d’iarratas.

 

Ádh mór agus cuimhnigh do r-phost a sheiceáil go rialta ar eagla go nglaofaí ort chun agallaimh!