Spreagtar fostaithe údaráis áitiúil chun na scileanna atá ann cheana a leathnú trí fhreastal ar chláir oiliúna nó trí cháilíochtaí breise a bhaint amach. Féadfar cúrsaí oiliúna agus oideachais a sholáthar go hinmheánach nó féadfaidh soláthraithe seachtracha iad a sholáthar.  Cuirtear foghlaim agus forbairt ar fáil thar raon réimsí forbartha agus tá raon modhanna foghlama i gceist leis.  Feidhmíonn go leor údaráis áitiúla Cláir um Chúnamh Oideachais chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fhostaithe atá ag tabhairt faoi chúrsaí oideachais. 

 

Forbairt phearsanta 

 

Tugann fostóirí rialtais áitiúil tacaíocht agus spreagadh ar son fhorbairt phearsanta na bhfostaithe. Soláthraíonn go leor acu deiseanna le haghaidh forbairt phearsanta amhail cainteanna agus imeachtaí nó tacaíochtaí sláinte agus folláine. Ina theannta sin, glacann a lán de na húdaráis áitiúla páirt i gcláir um fhreagracht shóisialta chorparáideach nó tacaíonn siad le rannpháirt na bhfostaithe. 

 

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL)

 

Tá údaráis áitiúla tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’fhostaithe san fhorbairt ghairmiúil leanúnach.