Tá níos mó ná 28,000 duine ag obair i ngach réimse den rialtas áitiúil. As raon leathan cúlraí do dhaoine a bhíonn mar fhostaithe údarás áitiúil, agus bíonn tacair scileanna, cáilíochtaí agus taithí éagsúil acu.

 

Is féidir leat níos mó a léamh faoi chuid dár róil thíos. Is treoir í an fhaisnéis anseo ar na cineálacha róil a bhíonn ann in údaráis áitiúla. Má aimsíonn tú ról fógartha ar an láithreán seo a bhfuil suim agat ann , beidh sonraí iomlána ar fáil sa leabhrán faisnéise a sholáthraíonn an eagraíocht earcaíochta d’iarratasóirí.

 

Cuntasóir 

 

Oibríonn cuntasóirí go díreach i bhfeidhmeanna airgeadais agus iniúchta agus soláthraíonn siad seirbhísí cuntasaíochta airgeadais agus bainistíochta ar fud na heagraíochta.  Soláthraíonn earnáil na n-údarás áitiúil printíseachtaí i réimsí na cuntasaíochta freisin. 

 

Róil riaracháin

 

Baill foirne a bhfuil róil riaracháin acu a sholáthraíonn go leor de sheirbhísí poiblí údaráis áitiúil.  Tugann ról riaracháin le húdarás áitiúil an deis duit oibriú laistigh d’fhoirne ildisciplíneacha chun seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar do chustaiméirí seachtracha agus inmheánacha. Bíonn róil riaracháin éagsúil óna chéile agus d’fhéadfadh sannadh do chodanna éagsúla den eagraíocht nó réimsí éagsúla oibre a bheith i gceist leo. Tá róil éagsúla ann ó oifigigh chléireachais (Grád 3) áit a dtacóidh tú le comhghleacaithe agus le bainisteoirí i gcur i bhfeidhm clár oibre a, oifigigh foirne (Grád 5), go minic le ról ceannaire foirne, go róil níos sinsearaí mar oifigigh riaracháin (Grád 7), atá freagrach as roinn nó rannán amháin nó níos mó agus as pleananna oibríochta a chur i bhfeidhm.

 

Printíseachtaí

 

Soláthraíonn earnáil an rialtais áitiúil printíseachtaí i réimsí na cuntasaíochta agus na teicneolaíochta faisnéise. Earcaíonn Teicneoirí Cuntasaíochta Éireann na printísigh i dtosach agus déanann siad aistriú mear go teicneolaíocht faisnéise (“Fast-track into IT”- FIT).  De ghnáth, is clár dhá bhliain é gach printíseacht agus is meascán d’oideachas foirmiúil agus d’fhoghlaim sa phost é. Téann an dá chlár go dámhachtain leibhéal 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tuilleadh eolais ar na cláir phrintíseachta seo le fáil ó Teicneoirí Cuntasaíochta Éireann agus FIT.

 

Seandálaithe


Tá seandálaithe freagrach as cosaint agus a caomhnú ha hoidhreachta seandálaíochta sa chontae nó sa chathair, rud a dhéantar go príomha tríd an bpróiseas pleanála. Ina theannta sin, soláthraíonn siad tacaíocht agus cúnamh ó shaineolaithe do stiúrthóireachtaí uile na chomhairle. D’fhéadfadh sé go dteastódh seandálaí chun monatóireacht, tochailt agus tástáil seandálaíochta a dhéanamh thar ceann an údaráis áitiúil agus d’fhéadfadh baint a bheith aige le heolas agus meas ar an stair agus ar an seandálaíocht a chur chun cinn. 

 

Ailtirí

 

Clúdaíonn deiseanna gairme san ailtireacht gach leibhéal de dhisciplíní teicniúla agus ailtireachta araon. Tá sé leibhéal éagsúla post ailtireachta ann, ó ailtire iarchéime go hailtire contae/cathrach. Ina theannta sin, fostaíonn an earnáil rialtais áitiúil foireann theicniúil i ngráid ó theicneoir feidhmiúcháin sinsearach go cléireach oibreacha.

 

Cartlannaithe

 

Déanann cartlannaithe oilte bainistíocht ar bhreithmheas, sealbhú, caomhnú, liostú agus leagan amach, digitiú, agus inrochtaineacht taighde, ar chartlanna áitiúla. Tá baint acu freisin le bainistíocht taifead údarás áitiúil agus cosaint sonraí.

 

Oifigigh chaomhnaithe

 

Is é ról oifigigh chaomhnaithe comhairle a sholáthar ar na freagrachtaí a fhorchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta as struchtúir stairiúla a chothabháil. Is éard atá i gceist leis an bpost úinéirí agus institiúidí a spreagadh agus tacú leo ina n-iarrachtaí aire a thabhairt d’fhoirgnimh trí chomhairle a sholáthar agus trí na scéimeanna deontais éagsúla a chuireann an chomhairle ar fáil. Gné thábhachtach den phost is ea idirchaidreamh a dhéanamh le húinéirí agus le daoine gairmiúla maidir le tograí a fhorbairt a dhéanann difear d’fhoirgnimh stairiúla, nó d’fhoirgnimh nua i gceantair stairiúla, agus tuairisc a thabhairt do phleanálaithe ceantair nuair a chuirtear tograí den sórt sin isteach le haghaidh cead pleanála.

 

Innealtóirí

 

Toisc go mbíonn innealtóirí freagrach as mórchláir oibríochta agus bonneagair tá go leor deiseanna tairbheacha ann d’innealtóirí oibriú agus taithí shuntasach a fháil san earnáil rialtais áitiúil. D’fhéadfadh obair in oifig dhearaidh réigiúnach, faoi choimirce Bonneagair Iompair Éireann, obair ar an láthair le linn mórthionscadail bonneagair, agus maoirseacht agus bainistíocht ghairmiúil ar réimsí mar thithíocht agus an comhshaol a bheith i gceist le róil.  Is féidir le hinnealtóirí dul ar aghaidh sna ghráid ó innealtóir cúnta, go dtí innealtóir feidhmiúcháin, innealtóir feidhmiúcháin sinsearach agus innealtóir sinsearach.

 

Seirbhísí dóiteáin

 

Soláthraíonn ranna seirbhísí dóiteáin cur chuige il-oilte i leith na réimsí innealtóireachta comhrac dóiteáin, tarrthála agus innealtóireachta sábháilteachta dóiteáin. Bíonn foireann innealtóireachta, theicniúil agus riaracháín ag seirbhísí dóiteáin údarás áitiúil, chomh maith le pearsanra dóiteáin páirtaimseartha (ar áirithíocht)agus lánaimseartha. Fostaítear innealtóirí i rannáin um chosc dóiteáin chun a chinntiú go gcosnaítear an timpeallacht thógtha agus go gcomhlíonann gach foirgneamh nua ceanglais reachtacha.

 

Seirbhísí ginearálta

 

Soláthraíonn fostaithe údaráis áitiúil raon leathan seirbhísí go díreach don phobal, mar shampla cinntíonn oibrithe ginearálta go dtugtar aire mhaith do pháirceanna, déanann siad oibreacha cothabhála i dtithíocht na comhairle, deisiú bóithre agus coinníonn siad sráideanna an chontae agus na cathrach glan. Soláthraíonn siad seirbhís ríthábhachtach chun cáilíocht na beatha a chur chun cinn agus cuireann siad le tarraingteacht sráidbhailte, bailte, cathracha agus na tuaithe mar áiteanna le cónaí, le bheith ag obair agus le hinfheistíocht a dhéanamh iontu.

 

Céimithe 

 

Earcaíonn údaráis áitiúla céimithe ag leibhéal iontrála trí chlár earcaíochta céimithe arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRA). Glacann gach céimí páirt i gclár struchtúrtha forbartha céimithe trí bliana ina mbíonn an deis acu scileanna agus eolas nua a fhorbairt sa phost agus trí oiliúint fhoirmiúil agus oideachas creidiúnaithe sonrach don earnáil, arna chomhordú tríd an Institiúid Riaracháin Phoiblí (IRP). 

 

Sláinte agus sábháilteacht

 

Is éard a bheidh i gceist le bheith ag obair i réimse na sláinte agus na sábháilteachta in údarás áitiúil ná comhairle a thabhairt don bhainistíocht agus d’fhostaithe ar gach ábhar a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair. Áirítear air seo ról an Oifigigh Shláinte agus Shábháilteachta a oibreoidh le fórsa saothair il-oilte chun tacú le córais sábháilteachta, sláinte agus leasa a fheabhsú agus a leabú ar fud na heagraíochta. Áireofar leis seo freisin maoirseacht, monatóireacht agus comhordú a dhéanamh ar chláir bhainistíochta sábháilteachta agus oibriú leis na ranna go léir chun tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach cleachtas sábháilteachta agus cultúr feasachta sábháilteachta a chur chun cinn. 

 

Teicneolaíocht Faisnéise

 

Tá go leor gnéithe, cumais agus tacair scileanna laistigh de réimse TFC agus tarraingíonn earnáil an rialtais áitiúil ar a fhormhór acu seo, lena n-áirítear forbairt córas agus bogearraí, cibearshlándáil, tacaíocht TF, innealtóireacht líonra, forbairt láithreán gréasáin agus nuálaíocht dhigiteach. Soláthraíonn earnáil an rialtais áitiúil printíseachtaí in TF freisin. 

 

Seirbhísí Leabharlainne 
 

Soláthraíonn baill foirne seirbhísí leabharlainne thar raon gráid ó leabharlannaithe a phleanálann agus a dhéanann maoirseacht ar oibríochtaí leabharlainne agus a bhainistíonn cláir go cúntóirí leabharlainne a oibríonn go díreach leis an bpobal, ag cabhrú leo an úsáid is fearr a bhaint as an tseirbhís. Faigh tuilleadh eolais faoi sheirbhísí leabharlainne poiblí in Éirinn ag  www.librariesireland.ie  . 

 

Pleanálaithe

 

Féadfaidh pleanálaithe in údaráis áitiúla oibriú i réamhphleanáil, bainistíocht forbartha nó forfheidhmiú. Oibríonn siad i gcomhpháirtíocht le príomhpháirtithe leasmhara agus saoránaigh chun éabhlóid ceantair agus a fhorbairt fhisiciúil, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a bhainistiú. Oibríonn siad freisin chun fiúntas forbartha ardchaighdeáin a chinntiú ní amháin i dtéarmaí inmharthanachta tráchtála ach maidir le caighdeáin chomhshaoil agus riachtanais an phobail a chomhlíonadh chomh maith. Fostaítear pleanálaithe i ngráid ó phleanálaí cúnta go pleanálaí feidhmiúcháin sinsearach.

 

Róil bhainistíochta shinsearacha
 

Áirítear stiúrthóirí seirbhíse agus oifigigh feidhmiúcháin shinsearacha ar na róil bhainistíochta shinsearacha. Is poist bhainistíochta iad  seo, ag tacú leis an bpríomhfheidhmeannach  trí réimsí seirbhíse nó cláir oibre a bhainistiú, do dhaoine a bhfuil taithí acu ar bheith freagrach as a bheith i gceannas ar chur i bhfeidhm beartas, sheachadadh seirbhíse agus bhainistíocht athraithe.  Tugann na róil seo an deis duit ceannaireacht, nuálaíocht, aclaíocht agus tiomantas do sheirbhís do chustaiméirí a léiriú agus tabharfaidh siad  deiseanna den scoth duit  le dul i ngleic le soláthar gníomhach an bheartais straitéisigh.   Fógraítear róil bhainistíochta shinsearacha in údaráis áitiúla agus i dtionóil réigiúnacha ar an suíomh gréasáin seo ach is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a láimhseálann an earcaíocht, seachas an t-údarás fostaíochta.   


Tabhair faoi deara le do thoil go n-éilítear ar iarrthóirí próifíl Publicjobs a fhorbairt agus iad ag cur isteach ar róil a fhógraíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) do na húdaráis áitiúla, do thionóil réigiúnacha agus don GBRA. 

 

Teicneoirí

 

Sanntar teicneoirí san i roinnt réimsí mar shampla innealtóireacht shibhialta, ailtireacht, suirbhéireacht foirgneamh agus bainistíocht réadmhaoine. D’fhéadfadh ullmhúchán líníochtaí, sonraíochtaí agus doiciméad tairisceana agus anailís agus measúnú ar thairiscintí agus thuarascálacha moltaí a bheith i gceist leis na róil.  Tá ról ag teicneoirí freisin i maoirseacht a dhéanamh ar chonraitheoirí atá fostaithe ag an gcomhairle i roinnt stiúrthóireachtaí.

 

Ceardaithe

 

Déanann raon de cheardaithe ar nós saoir chloiche, péintéirí, pláistéirí, siúinéirí agus pluiméirí obair chun cothabháil thithíocht na comhairle a chinntiú, spásanna poiblí agus bóithre a chothabháil, agus chun an líonra uisce a chothabháil agus a dheisiú thar ceann Uisce Éireann.