Tá agallamh ar cheann de na teicnící is mó a úsáidtear sa phróiseas earcaíochta agus roghnúcháin. Is gnách go mbíonn agallaimh ann le haghaidh róil sa rialtas áitiúil bunaithe ar inniúlacht agus déantar iad de réir nósanna imeachta comhaontaithe an bhoird agallaimh.
 
Conas a reáchtálfar an t-agallamh 

 

  • Is minic a chuirfear in iúl duit nuair a thabharfar cuireadh duit chun agallaimh cá fhad a mheastar a mhairfidh an t-agallamh, cé a chuirfidh agallamh ort agus cad hiad na hinniúlachtaí ar dóigh dóibh a mheas ag an agallamh.
  • Féadfaidh bord agallaimh idir beirt agus cúigear agallamh a chur ort, ag brath ar an bpost a bhfuil tú ag déanamh iarratais air, ach is é triúr ball is coitianta a bhíonn ar an mbord agallaimh.
  • Is iondúil go ngníomhóidh ball amháin den bhord agallaimh mar Chathaoirleach agus is féidir leat a bheith ag súil go gcuirfidh gach ball den bhord agallaimh ceist ort.
  • Déanfaidh an bord agallaimh iarracht i gcónaí chun a chinntiú go dtuigeann tú a bhfuil ag tarlú le linn an agallaimh. Cuirfear fáilte romhat go soiléir agus tabharfar réamheolas ag tús an agallaimh maidir le treoracha faoin agallamh féin. Tabharfar gach réimse ceistiúcháin isteach go soiléir freisin. Cuimhnigh, tá an Bord Agallaimh ann chun cabhrú leat; ba mhaith leo a chinntiú go mbíonn an deis is fearr agat lena thaispeáint gur iarrthóir oiriúnach tú.
  • De ghnáth, déanfar agallamh a struchtúrú timpeall ar do thaithí agus d’eolas go dtí seo agus an bhaint atá aige sin leis na scileanna agus na cáilíochtaí atá riachtanach don phost.
  • Glacfaidh na hagallóirí nótaí tríd síos. Ná cuireadh sé sin isteach ort! Úsáidtear na nótaí sin chun cabhrú leis an mbord agallaimh lena measúnú ag deireadh an agallaimh.

Ag ullmhú don agallamh

 

  • Baineann an t-agallamh le d’inniúlacht don phost a mheas, an taithí, na scileanna agus na cáilíochtaí ábhartha atá agat agus do theistiméireacht maidir le torthaí a bhaint amach i do róil roimhe seo a mheas.
  • Beidh na réimsí a chlúdófar agus na ceisteanna a chuirfear le linn an agallaimh bunaithe ar fhaisnéis sa sainchuntas poist, sa tsonraíocht duine agus sa phróifíl inniúlachta. Beidh siad sin faighte agat roimh ré, mar sin tá treoir mhaith agat chun cabhrú leat ullmhúchán a dhéanamh ina thaobh.
  • Agus an fhaisnéis sin á húsáid agat, ba cheart duit samplaí soiléire a ullmhú d’éachtaí san am atá thart, tionscadail rathúla agus tionscnaimh a bhaineann leis an ról agus na hinniúlachtaí a theastaíonn don phost.
  • Chomh maith le ceisteanna a chur ort faoi do thaithí roimhe seo, d’fhéadfaí go dtabharfaí cás duit freisin chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmeofá sa ról ar leith sin. Léigh an sainchuntas poist go cúramach agus ullmhaigh chomh maith agus is féidir leat do na cásanna dóchúla sin. Smaoinigh ar uaireanta san am atá thart nuair a thug tú aghaidh ar chás den chineál céanna.
  • D’fhonn ullmhú don agallamh, ba cheart duit a oiread agus is féidir a fháil amach faoin bpost agus faoin údarás áitiúil a bhfuil tú ag déanamh iarratais air. Is áit mhaith le tosú é suíomh gréasáin an údaráis áitiúil agus is féidir leat cuardach a dhéanamh ar an údarás sna meáin nó na miontuairiscí ó chruinnithe comhairle le déanaí a léamh.
  • Bíonn an claonadh againn a bheith measartha umhal faoina mbíonn bainte amach againn, ach ní chun leasa aon duine é a bheith umhal ag an agallamh - ní dhéanfá beag de d’fheidhmíocht féin le linn scrúdaithe, moltar duit gan amhlaidh a dhéanamh le linn an agallaimh.
  • Chun muinín a chothú, déan cleachtadh ar an méid a déarfá san agallamh roimh ré.
  • Seiceáil suíomh agus am d’agallaimh agus pleanáil do thuras ansin chun a chinntiú go dtiocfaidh tú in am trátha agus gan strus gan ghá.

 

Tar éis an agallaimh
 
Cuirfear toradh an agallaimh in iúl duit a luaithe is féidir tar éis an agallaimh, ach d’fhéadfadh sé sin roinnt ama a thógáil. 

 

  • Déanfaidh an bord agallaimh d’fheidhmíocht ag an agallamh a mharcáil.
  • Tabharfar an post don iarrthóir leis an méid is mó marcanna nó cuirfear sa chéad áit é nó í ar an bpainéal má bhíonn painéal á chur i dtoll a chéile.
  • Déanfar an chuid eile den phainéal a chur i dtoll a chéile bunaithe ar ord na marcanna a bhronntar. De ghnáth beidh íoslíon marcanna ann a chaithfidh tú a fháil chun go gcuirfear ar an bpainéal tú.
  • Féadfaidh tú sonraí faoi do chuid marcanna agus do rangú ar an bpainéal a fháil amach nuair a chuirtear an toradh in iúl duit.
  • Féadfaidh tú aiseolas a lorg ar d’agallamh tar éis don phróiseas earcaíochta a bheith tugtha chun críche. Murar éirigh leat an uair seo, d’fhéadfaí go gcabhródh sé leat aiseolas a lorg chun feabhas a chur ort don chéad uair eile.